Ceisteanna Curtha Go Minic

Conas Iarratas a Dhéanamh?
Cé mhéid a chosnaíonn sé?
Cén saghas eolais atá ar fáil?
An bhfuil leathanbhanda de dhíth orm?
An bhfuil Córas Bainistíochta Cleachtais (PMS) uaim?
An bhfuil mo PMS Comhoirúnach?
An dtagann tú ar an láthair i gcomhair oiliúna?

Conas Iarratas a Dhéanamh?

Is furasta iarratas a dhéanamh ar chuntas Healthlink. Cliceáil ar an nasc 'Déan Iarratas' trasna an roghachlár ar barr agus léigh tríd na riachtanais ar fad sara ndéanann tú an fhoirm a chomhlánú ar líne.

Cé mhéid a chosnaíonn sé?

Tá HealthlinkOnline saor in aisce do gach aon dochtúir teaghlaigh. San áireamh inár seirbhísí tá socrú suas, oiliúint agus tacaíocht leanúnach teicniúl. Tá beagán infheistíochta ag teastáil ón tús ó Ospidéil agus Limistéir Sláinte chun páirt a ghlacadh sa tionscnamh.

Cén saghas eolais atá ar fáil?

I measc an réimse teachtaireachtaí-amach áirítear Torthaí Saotharlainne, Torthaí Raideolaíochta, Fógraí Freastail Timpistí & Éigeandála, Fógraí Báis, Fógraí Scaoilte, Achoimrí Scaoilte, Nuashonraí Othar Seachtracha, Nuashonrúchaí Liostaí Feithimh, Achoimrí Scaoilte Co-op. Seolann formhór na nOspidéal atá páirteach ar a laghad torthaí torthaí Saotharlainne & Raideolaíochta.

An bhfuil leathanbhanda de dhíth orm?

Níl leathanbhanda go hiomlán riachtanach, tá roinnt úsáideoirí againn ag ceangal le móideim diailchaoi. Is é an buntáiste a thagann le leathanbhanda ná go mbíonn ar do chumas teachtaireachtaí a íoslódáil níos tapúla.

An bhfuil Córas Bainistíochta Cleachtais (PMS) uaim?

Níl, is féidir leat HealthlinkOnline a úsáid fiú mura bhfuil Córas Bainistíochta Cleachtais agat. Is féidir leat do theachtaireachtaí a léamh arlíne, iad a phriondáil más gá agus ar ndóigh beidh buntaiste le fáil agat as eolas othair níos tapúla ná mar a dhéanfá sa phost.

An bhfuil mo PMS Comhoirúnach?

Braitheann sé sin ar an leagan atá á rith agat, cé chomh fada ó suiteáladh é etc. Mollaimid duit teagmháil a dhéanamh le do dhíoltóir bogearraí agus deimhniú go bhfuil do chóras ullamh do Healthlink.

An dtagann tú ar an láthair i gcomhair oiliúna?

Déantar gach oiliúint ar an teileafón. Úsáidimid bogearraí rochtana cianda rud a chialaíonn gur feidir linn dul isteach ar do ríomhaire agus léiriú beo a thabhairt duit agus seisiún oiliúna.