HealthlinkOnline

Feidhmchlár gréasáin trí-shrathach is ea HealthlinkOnline a chinntíonn go aistrítear faisnéis othair go slán sábháilte i bhfíoram. Déantar comhaid teachtaireachta a fhormáidiú i leagan 2.4 de HL7 (Health Level 7) agus i leagan 2.0 de XML (Teanga Mharcála Inbhreisithe). Aistrítear comhaid chuig freastalaithe ospidéil agus uathu trí naisc VPN  agus próiseáiltear le MSMQ iad. Logálann úsáideoirí isteach ar an suíomh idirlín sábháilte trí SSL (Srath Soicéad Sábháilte). Deimhníonn teastas freastalaí an tseirbhís don úsáideoir agus deimhníonn teastas cliaint an túsáideoir do HealthlinkOnline.

Is féidir teacht ar an bhfeidhmchlár leis, trí ghlaonna seirbhís gréasáin. Ciallaíonn sé seo gur féidir leis na Córais Bainistithe Cleachtais chreidiúnaithe fainéis othair a chomhtháthú go huathoibríoch gan an suíomh idirlín a oscailt. Úsáidtear glaonna seirbhís gréasáin leis chun teachtaireachtaí atreoraithe a ghiniúint ón taobh istigh den gCóras Bainistithe Cleachtais. Seoltar na teachtaireachtaí seo chuig an ospidéal trí Healthlink ansin.

Tá an bonneagar atá ann faoi láthair solúbtha agus inscálaithe agus táimid ag obair go dian chun a chinntiú go gcloífidh forbairtí ar an gcóras a dhéanfar amach anseo leis na treoirlínte náisiúnta atá leagtha amach ag FSS, an tÚdarás um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte agus ag Coláiste Dhochtúirí Teaghlaigh Éireann.

Cineálacha Teachtaireachta

Gintear dhá chatagóir teachtaireachta – teachtaireachtaí amach agus teachtaireachtaí isteach, rud a léiríonn an cumas cumarsáide dhá-bhealaigh atá ag HealthlinkOnline.

Amach:

Isteach:

Ar Aghaidh >>