Nuacht Reatha

Eanáir 2012 – Seolann An tAire Sláinte, an Dr. James Reilly Atreoruithe Ailse Leictreonacha

Sheol an tAire Sláinte, an Dr. James Reilly, an Togra um Atreoruithe Ailse Leictreonacha do Chlinicí Cíche, Scamóige agus Prostataigh ar Dé hAoine, an 27 Eanáir. Is comhthionscnamh é an togra seo idir Healthlink, an Clár Náisiunta Rialaithe Ailse agus an grúpa um Theicneolaíocht Faisnéise i gCleachtais Ghinearálta de chuid Coláiste Dhochtúirí Teaghlaigh Éireann. Forbraíodh foirmeacha caighdeánacha le haghaidh atreoruithe ailse a fhéadann Dochtúirí Ginearálta a sheoladh ó chórais chreidiúnaithe bainistithe chleachtais chuig Comhairleoir i gceann de na 8 n-ionad ailse ainmnithe. Tugtar ráthaíocht go dtabharfar freagra laistigh de 5 lá oibre ar gach atreorú. Tá an tseirbhís ar fáil le tamall anuas agus seoladh breis is 4000 atreorú anuraidh san trí disciplín. Tá mar sprioc ag an gClár Náisiúnta Rialaithe Ailse 20% d’atreoruithe Cíche, Prostataigh agus Scámhóige a dhéanamh go leictreonach faoi dheireadh na bliana 2012.


Eanáir 2012 – Achoimrí Scaoilte Ospidéil San Séamas seolta ar líne

Tá áthas orainn a chur in iúl go bhfuil Achoimrí Scaoilte ó Ospidéal San Séamas ar fáil. Seolfar na tuairiscí seo do gach Cleachtóir Ginearálta Ospidéil San Séamas atá cláraithe linn. Cosúil le tuairiscí Saotharlainne agus Raideolaíochta, féadfaidh dochtúirí ginearálta iad a íoslódáil ina gcórais bhainistithe chleachtais. Ba mhaith linn buíochas a ghabháil lenár gcomhoibrithe sa Roinn Bainistithe Seirbhísí Faisnéise in Ospidéal San Séamas chomh maith leis an grúpa Dochtúirí Ginearálta a ghlac páirt sa chlár píolótach as tacú linn sa togra seo. Má tá aon cheisteanna agat déan teagmháil linn ag 01 8825606.