Slándáil i HealthlinkOnline

Is tábhachtach le Healthlink an tslándáil. Úsáideann an feidhmchlár na bearta slándála is airde atá ar fáil faoin gcaighdeáin tionscail chun slándáil agus rúndacht an fhaisnéis othair a áirithiú.

pointe Criptiú SSL

Tabharfaidh úsáideoirí faoi deara agus iad ag logáil isteach ar an suíomh gurb iad https seachas http litreacha tosaigh an tseolta. Is é is https ann ná prótacal aistrithe hípirtéacs a úsáideann sraith soicéad slán (SSL). Cosnaítear sonraí a sheoltar trí nasc SSL trí iad a chriptiú. Is sás é seo a chuireann cosc ar chur isteach ar shonraí aistrithe ar bith. Is ionann sin go bunúsach go ndéantar an fhaisnéis a scrobhadh le linn di a bheith á seoladh ó ríomhaire go ríomhaire. Ar an gcuma seo ní féidir le tríú páirtí nach bhfuil iontaobh ann féachaint uirthi. 

Baineann HealthlinkOnline úsáid as criptiú SSL 128-giotán d’fhonn an leibhéal is airde slándála a sholáthar.

pointe Deimhnithe Digiteacha

Bíonn gá le deimhithe digiteacha chun seisiún SSL a thionscnamh. Eisíonn Healthlink deimhnithe cliaint agus bainistíonn sé iad le haghaidh gach cleachtas cláraithe agus gníomhaireacht chláraithe. Sna deimhnithe tá sonraí a bhaineann go sainiúil le gach suíomh. Úsáidtear iad chun an t-úsáideoir a aithint agus a fhíorú agus é/í ag fáil rochtana ar HealthlinkOnline. Fíordheimhníonn deimhniú freastalaí an tseirbhís don úsáideoir agus fíordheimhníonn deimhniú cliaint an t-úsáideoir do HealthlinkOnline.

Nuair a chláraíonn tú linn cruthóimid do dheimhniú cliaint agus cabhróimid leat é a shuiteáil.

pointe Logáil isteach sábháilte

Tá ainm úsáideora uathúil, pasfhocal agus UAP ag teastáil chun rochain a fháil ar an bhfeidhmchlár. Tugtar teaglaim uathúil do gach úsáideoir agus ní mór í a iontráil i gceart nó diúltaítear rochtain don úsáideoir. De bhreis air seo tá an fhaisnéis aitheantais ceangailte leis an deimhniú cliaint, rud a dhéanann an próiseas níos sábháilte fós.

pointe Bainistiú Seisiúin

Gintear comharthaí aitheantais seisiúin uathúla gach aon uair a dhéantar rochtain ar HealthlinkOnline. Má bhí an seisiún díomhaoin ar feadh 40 nóiméad dícheanglaítear é agus beidh ar an úsáideoir logáil isteach arís más mian leis/léi leanúint air/uirthi an córas a úsáid. Cabhraíonn an ghné seo le cosc a chur ar rochtain gan údarás.

pointe Bonneagar

Tá bonneagar ardslándála ag HealthlinkOnline atá ceaptha chun an chosaint is fearr a thabhairt. Baineann sé úsáid as Líonraí Achair Logánta V, níos mó ná balla dóiteáin amháin agus as Líonraí Príobháideacha Áitiúla chun a chinntiú go gcoinnítear na sonraí chomh sábháilte agus is féidir.

Ar Aghaidh >>