Seoladh teachtaireachtaí do Dhochtúirí Ginearálta
Is é príomhchúram Healthlink ná seirbhís teachtaireachta a chur ar fáil a éascaíonn aistriú faisnéise faoi othair go slán sábháilte idir Ospidéil agus Dochtúirí Ginearálta. Cé go bhfuil réimse na dteachtaireachtaí a chuirtear chuig Dochtúirí Ginearálta méadaithe againn i gcaitheamh na mblianta is iad torthaí Saotharlainne agus Raideolaíochta na cinn is minice a sheoltar i gcónaí.
Cuireann Ospidéil saghsanna difriúla faisnéise ar fáil dúinn ach tá an liosta iomlán mar a leanas:
- Torthaí Saotharlainne
- Torthaí Raideolaíochta
- Fógraí Freastail an Aonad Timpistí agus Éigeandála
- Glacadh isteach othar cónaitheach
- Fógraí Báis
- Fógraí Scaoilte
- Achoimrí ar Scaoileadh
- Tuairisc chun dáta ar Choinní ón Roinn Othair Sheachtraigh
- Litreacha ón gClinic Othair Sheachtraigh
- Tuairisc chun dáta ar an Liosta Feithimh
- Teachtaireachtaí Co-op lasmuigh d’uaireanta Oibre
- Tuairiscí Cairdeolaíochta
- Orduithe Saotharlainne
- Teachtaireachtaí Atreoraithe
Conas a oibríonn sé?
Is é atá i HealthlinkOnline ná feidhmchlár idirlín lenar féidir faisnéis othair a aistriú go slán sábháilte i bhfíoram. Déantar comhaid teachtaireachta a fhormáidiú i HL7, caighdeán a bhfuil aitheantas idirnáisiúnta air agus a úsáidtear chun faisnéis a mhalartú idir feidhmchláir chúram sláinte. Gintear an fhaisnéis othair ar chóras an ospidéil a sheolann í. Ansin aistrítear chuig ár bhfreastalaithe í agus seoltar ónár bhfreastalaithe í trí naisc líonra shábháilte a úsáid. Logálann an t-úsáideoir isteach ar Shuíomh idirlín HealthlinkOnline lena (h)ainm úsáideora, focal faire agus UAP (Uimhir Aitheantas Phearsanta) mar aon le deimhniú digiteach cliaint chun a (h)aitheantas a dheimhniú.
Is féidir teacht ar an bhfeidhmchlár trí ghlaonna seirbhísí gréasáin leis, rud a chiallaíonn go bhféadann na Córais Bainistithe Chleachtais chreidiúnaithe faisnéis othair a chomhtháthú go huathoibríoch gan an suíomh idirlín a oscailt. Úsáidtear glaonna seirbhíse gréasáin chun teachtaireachtaí atreoraithe a ghiniúint ón dtaobh istigh den gCóras Bainistithe Chleachtais, chomh maith. Cuirtear ar aghaidh go dtí an Ospidéal iad trí Healthlink ansin.

